Thug comhdháil de chuid SETU agus Choláiste Mhuire Gan Smál taighdeoirí, cleachtóirí agus lucht tacaíochta na Gaeilge le chéile chun an rath a bhí le struchtúir phleanála teanga san Oirdheisceart a phlé
D’eagraigh an Dr Shane Grant ó Roinn na nDán agus na nDaonnachtaí in SETU agus and Dr Eimear Nic Conmhaic agus an Dr Tony Ó Floinn ó Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire Gan Smál, Durlas, comhdháil thar a bheith rathúil in SETU Arena Dé Sathairn, an 5 Meán Fómhair 2026.
Thaistil na freastalaithe ó áiteanna éagsúla laistigh den Oirdheisceart agus lasmuigh de chun páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí torthúla maidir leis an rath agus na dúshláin a bhaineann le hiarrachtaí pleanála teanga don Ghaeilge san Oirdheisceart le blianta beaga anuas.
Ba é téama chomhdháil na bliana seo ná Deiseanna agus Dúshláin: An Phleanáil Teanga san Oirdheisceart, agus pléadh an dul chun cinn atá déanta maidir leis an nGaeilge a neartú sa réigiún, chomh maith leis na dúshláin atá fós le sárú ag pobail agus eagraíochtaí a bhfuil obair ar siúl iontu ar son na teanga.
Díríodh sna díospóireachtaí go háirithe ar fhorbairtí ó achtú Acht na Gaeltachta 2012, lenar tugadh isteach próiseas pleanála teanga a chuireann béim ar phleananna seacht mbliana a ullmhú agus a chur i bhfeidhm chun an Ghaeilge a fhorbairt agus tacú léi.
An phleanáil teanga sna Déise agus níos faide i gcéin
Mar chuid den chomhdháil, pléadh mórcheisteanna pleanála teanga ó pheirspictíochtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.
Labhair an Dr Caitríona Breathnach (UCC) faoi dhréachtú Phlean Teanga Ghaeltacht na nDéise, agus rinne an Dr Vicky Brady (MIC Luimneach) iniúchadh ar a taithí féin ar phlean teanga Dhún Garbhán mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a scríobh.
Thug John Prendergast (Conradh na Gaeilge) léargas ar chur i bhfeidhm na pleanála teanga in Éirinn ar scála níos leithne, agus cur síos á dhéanamh aige ar thorthaí a thaighde dochtúireachta.
Thug Katie Ní Dhonnaille, Scoláire PhD an Uachtaráin in SETU, cuntas freisin ar an taighde atá ar bun aici maidir le Plean Teanga Ghaeltacht na nDéise 2018–2024.
Guthanna ón nGaeltacht agus ón Oirdheisceart
Reáchtáladh dhá phainéal dhíospóireachta mar chuid den chomhdháil: Painéal na Gaeltachta agus Painéal an Oirdheiscirt.
Phléigh Máire Seó Bhreathnach, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge; Yvonne Clancy, Oifigeach Pleanála Teanga, Gaeltacht na nDéise; Cabríní de Barra, iar-Bhainisteoir Forbartha, Comhlucht Forbartha na nDéise; agus Críostóir Ó Faoláin, Stiúrthóir, Coláiste na Rinne, a dtaithí agus a léargas ar an bpleanáil teanga i bPainéal na Gaeltachta.
Phléigh na rannpháirtithe na gnéithe praiticiúla a bhaineann leis an bpleanáil teanga agus an ról atá ag eagraíochtaí áitiúla, comhlachtaí poiblí, an t-oideachas agus pobail maidir le deiseanna a chruthú chun an Ghaeilge a úsáid agus a neartú.
I bPainéal an Oirdheiscirt, tugadh aghaidh ar chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. I measc na rannpháirtithe bhí Eimear Ní Bhraonáin, iriseoir, údar agus saineolaí sna meáin; Cory Ó Brollacháin, iar-Oifigeach Gaeilge de chuid Chomhairle Contae Loch Garman agus ball de Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí; Kaitlin Byrne, Oifigeach Caidrimh Phoiblí, Brainse Phort Láirge de Chonradh na Gaeilge; agus Siobhán de Paor, ealaíontóir ildisciplíneach agus comhbhunaitheoir Wild Irish agus Teacht Aniar.
Díríodh sa phlé ar na bealaí inar féidir tacú leis an nGaeilge mar theanga bheo ar fud an Oirdheiscirt, lena n-áirítear trí rialtas áitiúil, tionscnaimh phobail, na healaíona, na meáin agus gníomhaíochtaí cultúrtha.
Ag tógáil ar chomhoibriú réigiúnach
Comhfhiontar is ea Comhdháil an Oirdheiscirt idir Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) agus Campas Phádraig, Coláiste Mhuire Gan Smál, Durlas. Comhdháil dhébhliantúil atá inti agus reáchtáladh an chéad cheann sa tsraith in 2024.
Is iad mórspriocanna na comhdhála ná aird a leagan ar shaol na Gaelainne san Oirdheisceart mar atá, mar a bhí agus mar a bheidh, tuiscint níos leithne a chothú ar oidhreacht shaibhir teanga agus chultúrtha an réigiúin, agus cur le neartú na teanga amach anseo.
Rinneadh ceiliúradh sa chéad chomhdháil in 2024 ar 100 bliain de litríocht na Gaeilge san Oirdheisceart.
Ag tógáil ar an gcomhdháil sin, seoladh rogha de na páipéir a cuireadh i láthair ag Comhdháil an Oirdheiscirt 2024 le linn imeacht na bliana seo. Foilseofar iad san iris An Linn Bhuí 2026. Tá rochtain oscailte ar na páipéir ar líne freisin trí bhailiúchán Chomhdháil an Oirdheiscirt.
Beidh an chéad chomhdháil eile mar chuid den tsraith Comhdháil an Oirdheiscirt ar siúl in 2028.
The opportunities and challenges facing Irish language planning across the South East were explored at Comhdháil an Oirdheiscirt 2026, held at South East Technological University (SETU) Arena on Saturday, 5 September.
Organised by Dr Shane Grant of SETU’s Department of Arts and Humanities, together with Dr Eimear Nic Conmhaic and Dr Tony Ó Floinn of the Department of Irish at Mary Immaculate College (MIC), Thurles, the conference brought together academics, language planning practitioners, community representatives and Irish language advocates from across the South East and beyond.
This year’s conference, Deiseanna agus Dúshláin: An Phleanáil Teanga san Oirdheisceart (Opportunities and Challenges: Language Planning in the South East), examined progress in strengthening the Irish language in the region, alongside the challenges that remain for communities and organisations working to support its use.
Discussions focused particularly on developments since the enactment of Acht na Gaeltachta 2012 (the Gaeltacht Act 2012), which introduced a language planning process centred on the preparation and implementation of seven-year plans to support and develop the Irish language.
Language planning in the Déise and beyond
A series of presentations examined language planning from local, regional and national perspectives.
Dr Caitríona Breathnach of University College Cork discussed the development of Plean Teanga Ghaeltacht na nDéise, while Dr Vicky Brady of MIC Limerick reflected on her experience of developing the language plan for Dungarvan as a designated Gaeltacht Service Town (Baile Seirbhíse Gaeltachta).
John Prendergast of Conradh na Gaeilge provided a broader perspective on the implementation of language planning across Ireland, drawing on findings from his doctoral research.
SETU PhD President’s Scholar Katie Ní Dhonnaille also presented her current research examining Plean Teanga Ghaeltacht na nDéise 2018–2024, bringing a contemporary research perspective to discussions on the experience and impact of language planning in the Déise.
Voices from communities across the South East
The programme also featured two panel discussions exploring experiences both within and outside Gaeltacht areas.
Painéal na Gaeltachta brought together Máire Seó Bhreathnach, Irish Officer with Waterford City and County Council; Yvonne Clancy, Language Planning Officer for Gaeltacht na nDéise; Cabríní de Barra, former Development Manager with Comhlucht Forbartha na nDéise; and Críostóir Ó Faoláin, Director of Coláiste na Rinne.
Drawing on their experience, panellists discussed the practical realities of language planning and the role of local organisations, public bodies, education and communities in creating opportunities for Irish to be used and strengthened.
Painéal an Oirdheiscirt broadened the discussion to the promotion of Irish outside traditional Gaeltacht areas. Participants included journalist, author and media expert Eimear Ní Bhraonáin; Cory Ó Brollacháin, former Irish Officer with Wexford County Council and member of Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí; Kaitlin Byrne, Public Relations Officer with the Waterford branch of Conradh na Gaeilge; and Siobhán de Paor, multidisciplinary artist and co-founder of Wild Irish and Teacht Aniar.
Their discussion considered how Irish can be supported as a living language across the wider South East, including through local government, community initiatives, arts, media and cultural activity.
Building on a regional collaboration
Comhdháil an Oirdheiscirt is a joint initiative between SETU and the St Patrick’s Campus of Mary Immaculate College in Thurles. Established as a biennial conference in 2024, it aims to highlight the past, present and future of the Irish language in the South East, deepen understanding of the region’s rich linguistic and cultural heritage, and contribute to strengthening its future.
The inaugural conference in 2024 celebrated 100 years of Irish-language literature in the South East.
Building on that event, a selection of papers presented at Comhdháil an Oirdheiscirt 2024 was formally launched during this year’s conference. The papers will be published in the 2026 edition of the journal An Linn Bhuí and are also available on an open-access basis through the Comhdháil an Oirdheiscirt online collection.
The next Comhdháil an Oirdheiscirt conference will take place in 2028.